Atheagrán méadaithe de leabhar tagartha agus saothar (Cois Life 2010) a bhfuil an-tóir air i measc ábhar eagarthóirí, aistritheoirí agus scríbhneoirí de gach cineál. Nótaí agus gníomhaíochtaí cuimsitheacha ann faoi ghnéithe den chóipeagarthóireacht (gramadach, caighdeán agus canúint, poncaíocht), faoi chúrsaí stíle (an téacs a dhéanamh soléite, slachtmhar) agus faoin bpróiseas cóipeagarthóireachta (uirlisí leictreonacha agus ar-líne, seicliostaí). Tá a lán cleachtaí breise san atheagrán agus caibidlí nua ar phrionsabail Plain Language agus ar na dúshláin a bhaineann le seánraí ar leith, mar shampla: téacsanna liteartha, ailt agus scripteanna nuachta.
Antain Mac Lochlainn
In ord is in eagar
Eagrán méadaithe nuachóirithe den leabhar tagartha seo
€18.00
Product ID: 640
ISBN: 978-1-907494-4-44
Catagóirí: Acadúil, Antain Mac Lochlainn, GA, Neamhfhicsean, Prós
Meáchan | 770 g |
---|---|
Foilsithe | 2015 |