Léigh sliocht as an leabhar >>
Seo againn rogha na gcolún as saothar an údair a foilsíodh in The Irish Times sna blianta 1989-2003. Tá an rogha sin tiomsaithe den chéad uair in aon leabhar amháin. Rogha an údair féin atá anseo i gcomhar le Regina Uí Chollatáin agus le hAisling Ní Dhonnchadha, bunaithe ar a dtaithí siúd ar theagasc na hiriseoireachta agus na litríochta ar an tríú leibhéal. Foilsíodh díolaimí tráthúla cheana a raibh an-ráchairt orthu agus iad ar fad as cló anois. Ba iad sin An Peann Coitianta (1991), An Peann Coitianta 2 (1997) agus Ar an bPeann (2006).