Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Ciarraíoch is ea Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Bhuaigh a dán ‘Deireadh na Feide’ Corn Uí Néill sa bhliain 2012 agus roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán Uachtarántacht an Aontais Eorpaigh sa bhliain 2013. Bhain an dán céanna áit amach ar ghearrliosta RTÉ, ‘A Poem for Ireland’.

D’fhoilsigh Coiscéim an céad chnuasach filíochta dá cuid, Péacadh, in 2008 agus Tost agus Allagar i 2016. The Coast Road an teideal atá ar chnuasach dátheangach foilsithe ag The Gallery Press mar a bhfuil aistriúcháin le filí aitheanta an Bhéarla.

Filíocht

File ar Fhile: Filíocht Andrée Chedid (Cois Life, 2019)
The Coast Road
 (The Gallery Press, 2016)
Tost agus Allagar
(Coiscéim, 2016)
Péacadh 
(Coiscéim, 2008)

Ailbhe Ní Ghearbhuigh ag Cois Life