Rugadh Alex Hijmans san Ísiltír i 1975. D’aistrigh sé go hÉirinn nuair a bhí sé fiche bliain d’aois agus d’fhoghlaim sé an Ghaeilge. Chaith sé tréimhse dhá bhliain déag i nGaillimh ansin, ag obair sna meáin Ghaeilge éagsúla, sular thug sé aghaidh ar an mBrasaíl, áit a bhfuil sé ag teacht isteach ar an bpeann ó shin.
Is ar ghnéithe de shaol na Brasaíle a bhunaigh sé ábhar roinnt de na cúig theideal seo a leanas a d’fhoilsigh Cois Life: Favela (neamhfhicsean, 2009), Aiséirí (úrscéal lonnaithe i gcathair na Gaillimhe, 2011), Gonta (gearrscéalta, 2012), Splancanna ó shaol eile (neamhfhicsean, 2013) agus An tearmann (2016). Bronnadh duaiseanna Oireachtais ar Favela agus Gonta. Tá bailiúchán gearrscéalta coimisiúnaithe uaidh, Idir dhá thír, a foilseofar in 2017.
Bíonn Alex ag blagáil faoina shaol sa Bhrasaíl agus faoi chúrsaí litríochta go rialta ar Twitter (@alexhijmans), agus ar a shuíomh féin anseo.
Nuashonraithe Meitheamh 2017
An tearmann (Cois Life, 2016)
Aiséirí (Cois Life, 2011)
Idir dhá thír (Cois Life, le teacht 2017)
Gonta (Cois Life, 2012)
Splancanna ó shaol eile (Cois Life, 2013)
Favela (Cois Life, 2009)
Maistín (Cló Iar-Chonnachta, 2001)