Léachtóir é an Dr Brian Ó Raghallaigh in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil bainistiú agus forbairt theicniúil na dtionscadal ainm.ie, dúchas.ie, gaois.ie, logainm.ie agus téarma.ie faoina chúram aige. Roimhe sin, bhí sé ag obair ar thionscadal sintéise Gaeilge abair.ie i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Sa ríomheolaíocht, sa teangeolaíocht agus sa Ghaeilge atá a chúlra. Foinéimiú ilchanúnach don Ghaeilge ab ea ábhar a thráchtais PhD i gColáiste na Tríonóide. D’fhoilsigh Cois Life an chéad saothar leis, Fuaimeanna na Gaeilge, in 2013 agus foilsíodh an dara heagrán den saothar céanna in 2014.
Nuashonraithe Meitheamh 2017